Cur Síos
Cuspóirí na scéime tacaíochta d'ealaíontóirí
Is é cuspóir na scéime seo cuidiú le healaíontóirí cur lena gcleachtas agus lena slí bheatha sna healaíona. Tá an scéim seo oscailte d'ealaíontóirí gairmiúla atá ina gcónaí i gContae na Gaillimhe ag céim ar bith dá slite beatha, ag obair in aon fhoirm agus comhthéacs ealaíne. Is é 4:00 p.m. Dé Céadaoin an 28 Feabhra 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Is féidir le h'ealaíontóirí iarratas ar thacaíocht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
- Taighde, forbairt nó cur i láthair saothair nua a mbeidh tionchar mór aige ar dhul chun cinn shlí bheatha an iarratasóra.
- Meantóireacht ghearrthéarmach nó tacaíochtaí forbartha gairmiúla leanúnacha a léireoidh go mbeidh buntáiste i gceist leo do chleachtas an ealaíontóra. D’fhéadfadh rannpháirtíocht ar chúrsaí gearrthéarmacha, cónaitheachtaí, saincheardlanna, meantóireacht etc. a bheith san áireamh mar chuid de seo. Ní chun staidéar tríú leibhéal fochéime ná staidéar leanúnach a mhaoiniú an deontas seo.
- Ábhair, costais taispeántais, trealamh a fháil ar cíos agus/nó táillí i dtreo saineolas tríú páirtí. Ní mór do na costais sin a bheith intreach don phróiseas cruthaitheach nó do tháirgeadh agus scaipeadh an togra.
Critéir mheasúnaithe:
- Fiúntas ealaíonta agus dea-theist an iarratasóra.
- Caighdeán an togra.
- Féidearthacht airgeadais agus tionscadail. (Tabhair fianaise maidir le haon ioncam eile atá tú a fháil, más infheidhme, agus tabhair le fios an íocaíocht chomhchineáil nó airgead tirim atá i gceist agus cibé ar daingníodh nár daingníodh é).
- An buntáiste a bheidh i gceist leis do chleachtas an iarratasóra.
- Cloí le treoirlínte na Scéime Tacaíochta d’Ealaíontóirí.
Féadfar próiseas gearrliostaithe a chur i bhfeidhm má fhaighimid líon mór iarratas.
Cá mhéad airgid is féidir lion iarratas a dhéanamh air?
€3,000 an méid is mó deontais a chuirtear ar fáil ach is suimeanna níos lú a bhíonn i gceist go hiondúil leis na deontais. Tabhair ar aird gur tuairim is €2,364 an meándeontas a bronnadh faoin scéim seo in 2023. €28,000 an ciste iomlán a bheidh ar fáil sa bhliain 2024.
Tráthchlár
Ní mór leas a bhaint as an maoiniú idir mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair 2024. Beidh ar na healaíontóirí a n-éireoidh leo an togra a thabhairt chun críche, tuarascáil deiridh a chur ar aghaidh agus a gcuid íocaíochtaí deiridh a tharraingt anuas i mí na Samhna.
Ní mór do na nithe seo a leanas a bheith leis an ábhar tacaíochta:
- CV mionsonraithe cothrom le dáta an té atá ag déanamh iarratais ar mhaoiniú. Ná bíodh an CV níos faide ná 3 leathanach A4 agus bíodh an fhaisnéis seo a leanas ann: stair ghairmiúil, stair fostaíochta ábhartha, sonraí maidir le hoideachas 3ú leibhéal, cáilíochtaí agus gradaim.
- Ní mór an t-ábhar tacaíochta go léir a shábháil agus a chur ar aghaidh i gcomhad PDF nó cáipéisí Word. Suas le 6 shampla de do chuid oibre atá ar chaighdeán maith, amhail píosa scríbhneoireachta (10 sliocht leathanach ar fhad ar a mhéad) íomhánna, naisc URL chuig fístaifeadtaí/comhaid fuaime/comhaid meán, trí YouTube, Vimeo nó SoundCloud. Cuir samplaí ar aghaidh is fearr a léireoidh an cleachtas reatha atá agat agus an cumas atá ionat do thogra a thabhairt chun críche.
Incáilitheacht
Cé atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh?
Tá an deontas oscailte do gach ealaíontóir gairmiúil atá ag cleachtadh, i ngach foirm/seánra ealaíne. Ní mór don iarratasóir a bheith ina cónaí/chónaí i gContae na Gaillimhe le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh.
Cé nach bhfuil incháilithe chun iarratas a dhéanamh?
• Aon duine a bhfuil ina gconaí i gCathair na Gaillimhe.
• Mic léinn fochéime.
• Aon duine atá in oideachas lánaimseartha faoi láthair.
• Aon duine ar éirigh leo maoiniú a fháil faoin scéim seo sa bhliain 2023.
Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar
- Oideachas fochéime lánaimseartha ná oideachas iarchéime.
- Taisteal idirnáisiúnta.
- Gníomhaíochtaí nach bhfuil ag teacht le cuspóirí an deontais.
- Tionscnaimh atá mar chuid de chomórtais, de charthanachtaí nó de bhailiúcháin airgid.
- Ceannacháin chaipitil amhail troscán do stiúideo, uirlisí agus míreanna suntasacha trealaimh.
- Tograí atá mar an gcéanna le togra iarratasóir eile áit a bhfuil sibh ag comhoibriú ar thionscadal le chéile.
Measfar iarratais neamhiomlána a bheith neamh-incháilithe.